“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt.
Lúcás 5:10 - An Bíobla Naofa 1981 agus mar an gcéanna do Shéamas agus d'Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus bʼamhlaidh do Shéamas agus dʼEoin, mic Shebidé, a bhí i gcomhar le Síomón, agus dúirt Íosa le Síomón, “Ná bíodh eagla ort; as seo amach beidh tú ag gabháil fear.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí mar an gcéadna ar Shéamus agus ar Eoin, mic Shebede, a bhí i gcómhar le Síomon. Agus deir Íosa le Síomon: Ná bíodh eagla ort: gabhfaidh tú daoine feasta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus ar Shéamas agus ar Eoin, mic Shebedé, leis, do bhí ’n‐a bpáirtidhthibh ag Síomón. Agus adubhairt Íosa le Síomón, Ná bíodh eagla ort; as so amach béidh tú id’ iascaire ar dhaoinibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mar an gcéadna Séumas, agus Eóin, clan Shebedei, do bhí na gcompánachuibh ag Simon. Agus a dubhairt Iósa ré Símon, Na bíodh eagla ort; as so a mach bíaidh tú iasgaire ar dháoinibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus mar an gcéanna do Shéamas agus dʼEoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.” |
“Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt.
Ach labhair Íosa leo láithreach: “Bíodh misneach agaibh!” ar seisean, “mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”
Ansin tháinig máthair chlann Zeibidé chuige agus a mic in éineacht léi agus d'umhlaigh sí síos ag iarraidh aisce air.
Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”
Bhuail sé ar aghaidh, agus chonaic sé beirt dearthár eile, Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir: bhí siad sa bhád in éineacht lena n‑athair, Zeibidé, ag cóiriú a gcuid líonta; agus ghlaoigh sé iad.
Dúirt Íosa leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.”
agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi.
Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad
Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán,
Bhí i bhfochair a chéile: Síomón Peadar, Tomás an Leathchúpla, Natanael ó Chána na Gailíle, agus clann Zeibidé, agus beirt eile dá dheisceabail.
agus líonadh iad go léir den Spiorad Naomh agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha difriúla de réir mar thug an Spiorad urlabhra dóibh.
Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost.
ar shlí go dtiocfadh a gciall chucu agus go n‑éalóidís ó ghaiste an diabhail ina bhfuil siad gafa chun a thola aige.