Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.
Lúcás 4:28 - An Bíobla Naofa 1981 Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad d'fheirg, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ní luaithe a chuala siad sin, ná chuaigh a raibh sa tsionagóg ar an daoraidh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí fearg ar á raibh san tsineagóig nuair a chuala siad na neithe sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do líonadh a raibh sa tsionagóig d’fheirg, ag éisteacht leis na briathraibh sin dóib; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do líonadh a raibh ann sa tsíonagóig dfeirg, an tan do chúaladar na neithesi, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí a raibh sa tsinagóig lán d’fheirg nuair airigheadar an chaint sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus a raibh sa tsionagóg, nuair a chuala siad an méid sin, líon siad dʼfheirg, |
Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.
Thóg siad Irimia mar sin agus theilg i dtobar an Phrionsa Mailciá é, a bhí i gCúirt an Gharda, á ligean síos le rópaí. Ní raibh uisce ar bith sa tobar, ach amháin láib, agus chuaigh Irimia faoi sa láib.
Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.
Agus bhí mórán lobhar in Iosrael le linn Eilíseá fáidh, ach aon duine acu sin níor glanadh ach Námán an Suíreach.”
agus d'éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill.
Agus líon siad siúd de bhuile, agus bhí siad ag beartú le chéile cad a d'fhéadfaidís a dhéanamh le hÍosa.
Arna chlos sin do mhuintir na sainidríne chuaigh siad chun báiní agus bhí fonn orthu iad a mharú.
Chuaigh an chaint sin trí chroí a lucht éiste agus tháinig díoscán fiacla orthu chuige.