Lúcás 4:29 - An Bíobla Naofa 198129 agus d'éirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)29 Agus dʼéirigh siad ar an toirt á shá as an gcathair, agus thug leo é go bruach an chnoic ar ar tógadh a gcathair, lena chaitheamh síos i mullach a chinn. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara29 Agus d’éirigh siad gur theilg siad amach as an chathair é, agus thug siad leo é go bárr an tsléibhe ar a raibh a gcathair suidhte, chun é chaitheamh síos ar mhullach a chinn. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)29 agus d’éirigheadar, agus do ruaigeadar as an gcathair amach é, agus do rugadar leo é go malaidh an chnuic ar a raibh a gcathair suidhte, d’fhonn a chaitheamh le fánaidh síos. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)29 Agus ar néirghe na seasamh dhóibh, do theilgeadar as an gcathruigh a mach é, agus rugadar léo é ar mhaluidh an tsléibhe ar a raibh a gcathaire ar na togbháil, do chum go dteilgfidis síos a ndiaigh a chine é. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)29 Agus d’eirigheadar agus chomáineadar amach as an gcathair é; agus do rugadar leó é go h-imeall an chnuic ar a raibh an chathair déanta, chun é chaitheamh le fánaidh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201229 agus mʼéirigh siad agus thiomáin amach as an gcathair é agus sheol é go dtí mala an chnoic ar a raibh a gcathair tógtha chun é a chaitheamh le faill. Féach an chaibidil |