Lúcás 4:12 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhreagair Íosa é, agus dúirt sé, “Tá sé ráite, ‘nach gcuirfidh tú cathú ar do Thiarna agus ar do Dhia.’” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sé ráidhte: Ní chuirfidh tú féacháil ar an Tighearna, do Dhia. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Atá ráidhte, Ní dhéanfair fromhadh ar an Tighearna, do Dhia. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé ris, A dubhradh, Ni chuirfe tú cathughadh ar an Dtighearna do Dhía féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Tá ráidhte, leis: Ná déin fromhadh ar do Thighearna Dia. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis dá fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’” |
mar a ndearna bhur n‑aithreacha mo phromhadh, do mo thriail cé go bhfacadar mo bhearta.
Tá an scéal sa chruth anois go gcaithfimid a rá gur méanar do scigirí, agus go mbíonn rath ar lucht déanta an oilc; is ea go deimhin, cuireann siad promhadh ar Dhia ach ní ghearrtar aon phionós orthu.’ ”
Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”
Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d'fhág sé é nó go dtiocfadh an uain.
Ná cuirimis triail ar an Tiarna faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur mharaigh na nathracha nimhe iad.