Lúcás 3:17 - An Bíobla Naofa 1981 Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t‑arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus tá an dallán ina láimh aige leis an arbhar a cháitheadh, lena urlár buailte a ghlanadh, agus cruinneoidh sé an chruithneacht isteach ina iothlainn, ach loiscfidh sé an cháith i dtine dho-mhúchta.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tá a shluasad cháithte iná láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár, agus cruinneochaidh sé an chruithneacht isteach ina scioból, acht dóighfidh sé an lóchán le teinidh dho-mhúchta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) atá a ghaothachán ’n‐a láimh aige, agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n‐a scioból; acht dóighfidh sé an cháith le teinidh dhó‐mhúchta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Aga bhfuil a chríathar an a láimh, agus glanfidh sé a urlár féin, agus cruinnéochuidh sé an chruithneachd dá sgiobol féin; achd loisgfidh sé an cháith lé teine nách eidir a mhúchadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tá a ghaothrán ’n-a láimh aige agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n-a sgioból, agus dóghfaidh sé an cáth le teine nách féidir a mhúchadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t-arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.” |
Na daimh agus na hasail a threabhann an talamh, beidh coirce blasta le hithe acu, a ndearnadh cáitheadh air le sluasaid agus le cáiteog.
Tá siad scagtha agam le gabhlán cáite i mbailte a dtíre. Bainim díobh a gclanna, díoscaim mo dhaoine óir diúltaíonn siad filleadh óna mbealaí.
Ach ní eol dóibh smaointe an Tiarna agus ní mó ná sin a thuigeann siad a rún; mar tá sé tar éis iad a bhailiú le chéile mar phunanna ar urlár buailte.
Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t‑arbhar isteach i mo scioból.’ ”
Tá a cháiteog ina láimh aige agus déanfaidh sé a láithreán buailte a léirghlanadh; cruinneoidh sé a chuid arbhair isteach sa scioból, ach dófaidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”
Agus trína lán nithe eile fós a rá leo á spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal.