Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin.
Lúcás 24:51 - An Bíobla Naofa 1981 Agus le linn dó iad a bheannú, scar sé leo agus tógadh suas ar neamh é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí sé á mbeannú scar sé leo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, le linn dó a bheith ghá mbeannughadh, gur imthigh sé uatha, agus gur tógadh suas ar neamh é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, nuair do bhí sé g‐á mbeannachadh, gur scar sé leo, agus gur tógadh suas é ins na flaitheasaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, ar mbeith dá mbeannughadh dho, gur sgaradh ríu é, agus gur tóghadh súas ar neamh é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus le linn a bheannacht do chur ortha dhó, do dhruid sé uatha, agus do tógadh suas ins na flathais é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus le linn dó iad a bheannú, scar sé leo agus tógadh suas ar neamh é. |
Le linn dóibh bheith ag siúl leo agus iad ag caint ar an mbealach, nocht carbad tintrí agus capaill tintrí, ag teacht eatarthu, agus chuaigh Éilias suas ar neamh sa ghaoth ghuairneáin.
Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé.
Ansin sheol sé amach iad chomh fada le Béatáine, agus ag ardú a lámh dó, bheannaigh iad.
Agus tar éis dóibh umhlú dó, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim agus áthas mór orthu,
“Scaoil liom!” arsa Íosa léi, “óir ní dheachaigh mé suas chun an Athar fós; ach imigh chun mo bhráithre agus abair leo: ‘Táim ag dul suas chun m'Atharsa agus chun bhur nAtharsa, chun mo Dhé-se agus chun bhur nDé-se.’ ”
Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d'ardaigh scamall as a radharc é.
Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda
Ós rud é, mar sin, go bhfuil ardsagart againn atá gafa tríd na flaithis, Íosa, Mac Dé, coinnímis greim docht ar ár gcreideamh.