Doirtfear orainn as an nua an Spiorad ón aird thuas; déanfar gairdín den fhásach ansin agus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach.
Lúcás 24:49 - An Bíobla Naofa 1981 Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag m'Athair. Ach fanaigí sibhse sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar neimhe.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus féachaigí, táim ag cur an ní a gheall Dia daoibh chugaibh; ach fanaigí sibhse sa chathair, go dtí go gcuirtear an chumhacht neamhaí mar éadach oraibh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cuirim geallamhaint m’Athar chugaibh; acht fanaigidh san chathair go dtí go gcuirtear cumhacht oraibh ó neamh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, atáim ag cur geallamhna m’Athar chugaibh: acht fanaidh‐se sa gcathair, nó go gclúduightear sibh le cumhacht ó neamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, cuirfidh misi gallamhun Mathar féin chugaibh: achd fanoidh a gcathair Iárusalém, no go gcuirthear cumhachda a núas umuibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus táim-se ag cur geallamhna m’Athar chúghaibh; ach fanaidh-se sa chathair go dtí go gcurfar umaibh cómhacht ó neamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag mʼAthair. Ach fanaigí sibh-se sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar Neimhe.” |
Doirtfear orainn as an nua an Spiorad ón aird thuas; déanfar gairdín den fhásach ansin agus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach.
ach an tAbhcóide, an Spiorad Naomh, a chuirfidh an tAthair uaidh i m'ainmse, múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh.
Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair, déanfaidh sé fianaise orm.
Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d'ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar, “An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air:
Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
Ar theacht dóibh go dtí teorainn Mhisia, bhí siad ag iarraidh dul isteach i mBitinia ach ní ligfeadh Spiorad Íosa ann iad.