Lúcás 23:7 - An Bíobla Naofa 1981 agus nuair a fuair scéala gur as limistéar Héaród dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a chuala sé gur thit sé faoi bhreithiúnas Iorua, chuir sé síos chuig Iorua é, ó tharla dó bheith in Iarúsailéim san am úd. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a thuig sé gur faoi chumhacht Ioruaidh a bhí sé, chuir sé chuig Ioruadh é; agus bhí seisean fosta i n-Ierusalem na laethe sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do thuig sé gur le líomatáiste Ioruaith do bhain sé, do chuir sé chum Ioruaith é, mar bhí sé féin i nIarúsalem le n‐a linn sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan daithin sé gur ab fá thumhachduibh Iornáth do bhí sé, do chuir sé ar ais é chum Iorúaidh, do bhí Níarusalém ann sna láethibh sin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a thuig sé gur le cómhacht Héróid a bhain sé, chuir sé ag triall ar Héród é, mar bhí Héród i n-Ierúsalem na laethanta san. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus nuair a fuair scéala gur as limistéar Héaróid dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin. |
Is amhlaidh a bhí Héaród tar éis Eoin a ghabháil agus é chur i ngéibheann agus i bpriosún mar gheall ar Héaróidias, bean Philib a dheartháir.
Ach nuair a bhí cuimhne lae a bhreithe á comóradh ag Héaród, rinne iníon Héaróidias rince os comhair na cuideachta agus thaitin sí chomh mór sin le Héaród
Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”
Ar an uair sin féin tháinig cuid de na Fairisínigh chuige á rá leis: “Amach leat agus cuir díot as seo, óir is áil le Héaród tú a chur chun báis.”
Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné,
Chuala Héaród, an rí cúige, faoi na nithe uile a bhí ag titim amach, agus bhí mearbhall air de bhrí go raibh sé de scéal ag daoine áirithe gurbh é Eoin a bhí tar éis éirí ó mhairbh;
“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,