‘Abraigí le Iósaef: Maith a gcoir agus a bpeaca do do dheartháireacha, impím ort, mar go ndearnadar éagóir ort.’ Agus anois achainímidne ort a gcoir a mhaitheamh do shearbhóntaí Dhia d'athar.” Bhris a ghol ar Iósaef nuair a labhair siad leis.
Lúcás 23:34 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ba é a dúirt Íosa, “A Athair, maith dóibh é; ó nach feasach dóibh cad é atá á dhéanamh acu.” Agus chaith siad crainn ag roinnt a chuid éadaigh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dóibh; óir ní fhuil a fhios acu cad é tá dá dhéanamh acu. Agus ag roinn a chuid éadaigh eatortha dóibh, chaith siad crainn ortha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa, A Athair, maith dhóibh, óir ní fhuil a fhios aca créad atá aca d’á dhéanamh. Agus do roinneadar a chuid éadaighe eadortha féin, g‐á gcur ar chrannaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa: “A Athair, maith dóibh óir níl a fhios acu cad tá siad a dhéanamh.” Ansin, ag roinnt a chuid éadaigh eatarthu, chuir siad ar chrainn iad. |
‘Abraigí le Iósaef: Maith a gcoir agus a bpeaca do do dheartháireacha, impím ort, mar go ndearnadar éagóir ort.’ Agus anois achainímidne ort a gcoir a mhaitheamh do shearbhóntaí Dhia d'athar.” Bhris a ghol ar Iósaef nuair a labhair siad leis.
féadaim mo chnámha go léir a chomhaireamh. Baineann siad lán a súl asam go sásta.
Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana, cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach, cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”
San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.
Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí;
Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn féachaint cén balla bhéarfadh gach duine.
agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.”
Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil atáim ag guí ach ar son na muintire a thug tú dom, mar is leatsa iad.
D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”
Scairt Pól air, áfach, in ard a ghutha: “Ná déan aon díobháil duit féin,” ar seisean, “táimid go léir anseo.”
“Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna.
Ar thitim dó ar a ghlúine scread sé in ard a ghutha: “A Thiarna, ná hagair orthu an peaca seo.” Agus leis sin shíothlaigh sé.
Beannaígí bhur ngéarleantóirí - is ea, bíodh an bheannacht agaibh dóibh in áit na mallachta.
Ní raibh fios na heagna seo ag duine ar bith de cheannairí an tsaoil seo mar dá mbeadh a fhios acu í ní chéasfaidís Tiarna na glóire ar an gcrois.
Bímid ag obair agus ag luain lenár lámha féin. Nuair a cháintear sinn, guímid beannacht; nuair a dhéantar géarleanúint orainn fulaingímid leis;
cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.
Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.