Dúirt Pioláit leo: “Ach, cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!”
Lúcás 23:13 - An Bíobla Naofa 1981 Ghlaoigh Pioláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a chruinnigh Píoláid na hardsagairt agus na rialtóirí agus na daoine le chéile, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghoir Pioláit chuige uachtaráin na sagart, agus ceannairí an ghárda, agus na daoine, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chruinnigh Píoláid uachtaráin na sagart, agus na ceann‐phuirt, agus na daoine le chéile, agus adubhairt sé leo, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ngairm na nárdsagart agus núachdarán, agus an phobuil do Phioláid, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do chruinnigh Pílát uachtaráin na sagart agus maithe an phobuil agus na daoine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ghlaoigh Píoláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile |
Dúirt Pioláit leo: “Ach, cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!”
D'fhan an pobal ansiúd ag breathnú. Bhí na cinn urra féin ag dranngháire: “Shaor sé daoine eile,” deiridís, “saoradh sé é féin, más é Críost Dé, an té atá tofa.”
mar a thug ár n‑ardsagairt agus ár gcinn urra ar láimh é lena dhaoradh chun báis, agus mar a chéas siad é.
San am céanna, áfach, chreid a lán de na huachtaráin féin ann, ach níor admhaigh siad é mar gheall ar na Fairisínigh le heagla go gcuirfí as an tsionagóg iad.
Dúirt Pioláit leis: “Cad is fírinne ann?” Agus arna rá sin dó, ghabh sé amach arís chun na nGiúdach, agus dúirt leo: “Ní fhaighim aon chúis daortha ann.
Chuaigh Pioláit amach arís agus dúirt sé leo: “Féach, táim á thabhairt amach chugaibh, chun go mbeadh a fhios agaibh nach bhfaighim cúis daortha ann.”
Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní á rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é?
Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán [Íosa], ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcrích ráite úd na bhfáithe a bhíodh á léamh dóibh gach lá sabóide.
“Anois, a bhráithre, tá a fhios agam gur le barr aineolais a rinne sibh na nithe sin agus bhur gcinn urra mar an gcéanna.
Lá arna mhárach bhailigh ceannairí na nGiúdach agus na seanóirí agus na scríobhaithe le chéile in Iarúsailéim.
Ansin d'fhreagair Peadar iad agus é lán den Spiorad Naomh: “A cheannairí an phobail,” ar seisean, “agus a sheanóirí,