Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.
Lúcás 23:12 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig Héaród agus Pioláit chun bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus shníomh Iorua agus Píoláid cairdeas le chéile an lá céanna sin, mar roimhe sin bhíodh naimhdeas eatarthu. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus rinneadh cáirde dá chéile de Ioruadh agus Pioláit an lá sin; óir roimhe sin bhíodh siad ina náimhde ag a chéile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐rinneadh caradas an lá sin idir Ioruath agus Píoláid: óir do bhíodar ’n‐a náimhdibh d’á chéile roimhe sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an lásin féin, do rinneadh Ioruaith agus Píoláid na gcáirdibh dhá cheile: óir do bhádar na naimhdibh agá chéile roimhe sin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig caradas an lá san idir Phílát agus Héród, mar, namhaid ab eadh iad d’á céile roimis sin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig Héaród agus Píoláit chun a bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin. |
Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.
Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.
“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,