Agus bhuail duine acu seirbhíseach an ardsagairt agus bhain sé an chluas dheas de.
Lúcás 22:51 - An Bíobla Naofa 1981 Labhair Íosa agus dúirt: “Ligigí dóibh; is leor an méid sin,” agus bhain sé leis an gcluais agus rinne slán í. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach dúirt Íosa, “Ná téigí thairis sin!” Agus chuimil sé a mhéar den chluais gur leigheas í. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Fanaigidh go fóill. Agus chuir sé a lámh ar a chluais, agus leigheas sé é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé, Leigidh liom an méid seo. Agus do chuir sé a lámh ar an gcluais, agus do leigheas sé í. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do fhreagair Iósa agus a dubhairt, Fuilngidh go soithe so. Agus ar mbuáin ré na chluáis súd, do shlánuigh sé é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Fanaidh go fóil; agus chuir sé a lámh ar chluais an duine agus do leighis sé é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Labhair Íosa agus dúirt: “Ligigí dóibh; is leor an méid sin,” agus bhain sé leis an gcluais agus rinne slán í. |
Agus bhuail duine acu seirbhíseach an ardsagairt agus bhain sé an chluas dheas de.
Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: “An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí?
Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d'ainm - an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.
Scairt Pól air, áfach, in ard a ghutha: “Ná déan aon díobháil duit féin,” ar seisean, “táimid go léir anseo.”
Ná faigheadh an t‑olc an lámh uachtair ort ach faighse an lámh uachtair ar an olc leis an maith.
Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.