Lúcás 22:48 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis: “A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach arsa Íosa leis, “A Iúdáis, an dtabharfá póg an fhill do Mhac an duine?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa leis: A Iúdais, an le póig a bhraitheas tú Mac an Duine? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt Íosa leis, A Iúdáis, an le póig atá tú ag braith Mhic an Duine? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa ris, A Iúdais, an lé poig bhraithbeas tú Mac an duine? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa: A Iúdáis, an le póig a deineann tú Mac an Duine do brath? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis: “A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?” |
Le linn dó bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí Iúdás, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le Íosa chun é a phógadh.
Nuair a chonaic a mhuintir cad a bhí chucu, dúirt siad: “A Thiarna, an mbuailfimid buille chlaíomh?”