Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:47 - An Bíobla Naofa 1981

47 Le linn dó bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí Iúdás, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le Íosa chun é a phógadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

47 Ní raibh an focal as a bhéal, nuair a tháinig slua daoine, agus iad á dtreorú ag an bhfear sin a raibh Iúdás mar ainm air, ba dhuine den dáréag. Dhruid sé le hÍosa lena phógadh;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

47 Agus le linn dó a bheith go fóill ag cainnt, féach, sluagh ag teacht, agus an té dá ngoirtí Iúdas, duine de’n dáréag, ar a dtoiseach, agus tháinic sé ag triall ar Íosa, chun é phógadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Le linn cainnte dhó, féach, sluagh, agus an té ar a dtugadh Iúdás, duine de’n dáréag, do chuaidh seisean rómpa; agus do dhruid sé i n‐aice le h‐Íosa chum póg do thabhairt dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

47 Agus ag labhairt dó fós, féuch an slúagh, agus an té dá ngoirthí Iúdas, áon don dá fhear déag, ag gabháil rompa, agus do dhruid sé ré Hiosa do thabhairt póige dhó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 An fhaid a bhí sé ag caint, féach, tháinig sluagh, agus an t-é ar a dtugtí Iúdás, duine de’n dáréag, rómpa amach, agus tháinig sé chun Íosa chun póige thabhairt dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

47 Le linn dó a bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí ‘Iúdás’, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le hÍosa chun é a phógadh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:47
8 Tagairtí Cros  

Agus chuaigh Iúdás Isceiriót, duine den dáréag, go dtí uachtaráin na sagart chun é a thabhairt ar láimh dóibh.


Dúirt Íosa leis: “A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí