Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 22:40 - An Bíobla Naofa 1981

Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: “Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus nuair a shroich sé an áit dúirt sé leo, “Bígí ag guí gan cathú a theacht oraibh.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus nuair a tháinic sé go dtí an áit, dubhairt sé leo: Guidhigidh, chun nach dtéighidh sibh isteach i gcathughadh.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus nuair tháinig sé chum na h‐áite, adubhairt sé leo, Déanaidh urnaighe chum nach rachaidh sibh i gcathuighthibh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an tán tháinic sé chum na háite, a dubhairt sé ríu, Déanunidh urnuighe ionnus nach dteigeamhadh sibh a ccáthughadh.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus nuair a tháinig sé chun na h-áite dubhairt sé leó: Deinidh úrnuighthe sar a dtuitfeadh sibh i gcathaíbh.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: “Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.”

Féach an chaibidil



Lúcás 22:40
16 Tagairtí Cros  

Ghlaoigh Iabaez ar Dhia Iosrael á rá: “Má chuireann tú do bheannacht orm dáiríre, cuirfidh tú breis le mo chríocha, beidh do lámh le m'ais, déanfaidh tú mé a chumhdach ón olc agus beidh deireadh le mo bhroid.” Dheonaigh Dia dó gach ar iarr sé.


Dírigh mo chéimeanna de réir do bhriathair; ná gabhadh an urchóid forlámhas orm.


Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite, ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh.


Cé a fhéadfaidh a earráidí a aithint? ná leag orm mo pheacaí folaigh.


agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.


agus maith dúinn ár bpeacaí, óir maithimid féin do chách a bhíonn i bhfiacha againn; agus ná lig sinn i gcathú.”


agus dúirt sé leo: “Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachadh sibh i gcathú.”


Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.


De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.