Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.
Lúcás 22:2 - An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe ag iarraidh caoi a fháil lena chur chun báis; mar bhí eagla orthu roimh na daoine. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe ar lorg slighe ina gcuirfeadh siad Íosa chun báis; acht bhí eagla roimh na daoine ortha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag iarraidh cionnas chuirfidís chum báis é; óir do bhí eagla na ndaoine ortha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí úachdarain na sagart agus na sgríobuidhe ag íarruidh cionnus do mhuirfidís eision; oir do bhí eagla an phobuil orrtha. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thiocfaidís ar Íosa chur chun bháis; ach bhí eagla na ndaoine ortha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu. |
Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.
Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t‑oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’
“Tá a fhios agaibh go bhfuil an Cháisc chugainn i gcionn dhá lá agus Mac an Duine le tabhairt suas chun a chéasta.”
Bhí an Cháisc agus féile an tSlimaráin faoi cheann dhá lá, agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag cuardach, féachaint conas a dhéanfaidís Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis;
Agus b'fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.
Bhí orduithe tugtha ag na hardsagairt agus ag na Fairisínigh, dá mbeadh a fhios ag aon duine cá raibh sé, é a insint chun go ndéanfaidís é a ghabháil.
“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,