Óir lá díoltais ag an Tiarna atá ann agus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón.
Lúcás 21:22 - An Bíobla Naofa 1981 óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomhlíonadh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) mar is iad siúd laethanta an díoltais, ar mhodh nach bhfágfar focal dár scríobhadh fúthu nach gcomhlíonfar. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir is laethe díoghaltais iad sin, chun go gcóimhlíontaí na h-uile neithe dá bhfuil scríobhtha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir is laetheanta díoghaltais na laetheanta sin, chum go gcóimhlíonfar gach a bhfuil scríobhtha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a síad so láeithe an dioghaltuis, ionnus go gcoimhlionfuidhthe na huile neithe atá sgríobhtha. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir is laethanta díbheirge na laethanta san, agus cómhlíonfar gach a bhfuil sgríobhtha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomh-líonadh. |
Óir lá díoltais ag an Tiarna atá ann agus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón.
chun bliain logha a fhógairt thar ceann an Tiarna, agus lá díoltais dár nDia; chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin
Mar bhí cinnte ar lá an díoltais i mo chroí agam, agus bhí bliain fuascailte mo mhuintire tagtha.
Téigí amach as an mBablóin (sábháileadh an uile dhuine a anam); ná cailltear sibh féin ina tubaiste, óir is í seo uair dhíoltas an Tiarna. Tá sé ag cúiteamh a luaíochta léi.
Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.
Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:
Ach de dheasca do chroí chrua neamhaithrigh tá tú ag taisceadh feirge duit féin le haghaidh lae úd na feirge nuair a fhoilseofar ceartbhreithiúnas Dé,
[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.
tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,
Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus á gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n‑éagráifeach.