Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Hóisé 9:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Tá laethanta an smachtaithe ag teacht, seo chugainn laethanta an chúitimh. Go raibh a fhios sin ag Iosrael! “Amadán is ea an fáidh”, a deir siad, “is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.” Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide, agus bhur bhfuatha dom é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Thangadar láethe an choirighthe, thangadar léathe an luáigheachta; aitheonuidh Israel é: is amadán an fáidh, atá an duine spioradalta ar buile, ar son iomuid héigceart, agus a nadhfhúatha mhóir.

Féach an chaibidil Cóip




Hóisé 9:7
40 Tagairtí Cros  

Ansin tháinig Iéahú amach go hoifigigh a mháistir. “An bhfuil gach ní ina cheart?” d'fhiafraigh siad de. “Cad a thug an ghealt seo chugat?” “Tá aithne agaibh air siúd agus tá a fhios agaibh cad deir sé,” ar sé.


Cad a dhéanfaidh sibh lá na hanachana nuair a thiocfaidh an tubaiste ó chríoch i gcéin? Cé chuige a rithfidh sibh ar lorg cabhrach? Cá bhfágfaidh sibh bhur saibhreas in bhur ndiaidh?


A Thiarna, tá do lámh tógtha in airde; ní fheiceann siad í. Feiceadh siad do dhúthracht i leith an phobail seo, is bíodh náire orthu; an tine a lasadh le haghaidh do naimhde, alpfaidh sí iad.


Óir lá díoltais ag an Tiarna atá ann agus bliain chúitimh ag curadh cosanta Shíón.


Is mise a chuireann éarlaisí na ndraíodóirí ó rath agus a chuireann lucht asarlaíochta as a gcéill, a sheolann na saoithe ar a gcúil uaim agus a dhéanann seafóid dá stuaim,


Is náideanna iad, is díol gáire; nuair a thiocfaidh am a gcuarta, rachaidh siad as.


Ní fhágfar duine díobh beo nuair a bhéarfaidh mise olc ar mhuintir Anatót i mbliain a gcuarta.”


Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”


I bhfáithe na Samáire chonaic mé nithe a chuir samhnas orm: thairngreadar trí Bhál agus chuir siad mo phobal Iosrael ar seachrán.


An rud a thairngir Irimia in aghaidh na gciníocha uile. (“Óir cuirfear iad seo i ndaoirse; mar an gcéanna do chiníocha cumhachtacha agus do ríthe móra, agus cúiteoidh mise leo de réir a ngníomhartha agus de réir oibreacha a lámh féin.”)


“Rinne an Tiarna sagart díotsa mar chomharba Iahoideá chun riail a choinneáil i dTeampall an Tiarna; i gcás an duine atá ar mire agus a dhéanann fáidh de féin is é do dhualgas é siúd a chur sna ceapa agus i gcoiléar iarainn.


Na hamhais a bhí aici ar tuarastal, a bhí slíoctha ar nós laonna biata, thug siad do na bonna é; ní sheasann siad ach teitheann in éineacht; óir tagann orthu lá a n‑ainnise, aimsir a gcuartaithe.


Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail, á rá: ‘Síocháin! Síocháin!’, ach níl aon síocháin ann.


Is gan mhairg a chóiríonn siad créacht mo phobail á rá: ‘Síocháin! Siocháin!’ agus níl aon síocháin ann.


Chonaic do chuid fáithe thar do cheann físeanna folmha fealltacha; níor nocht siad duit d'urchóid, rúd a chuirfeadh cor bisigh i do chinniúint; ní bhfuair siad thar do cheann sna físeanna ach oracail bhréagacha mhealltacha.


Óir tá mo phobal ar seachrán acu ag fogairt na síochána nuair nach bhfuil aon síocháin ann; tá brat aoil daite ar an mballa acu nuair is balla nua a thógfaidh an pobal.


Seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg do na fáithe baotha a leanann a spiorad féin gan aon rud a fheiceáil.


Imreoidh mé díoltas mór orthu agus tabharfaidh mé drochíde fhíochmhar orthu. Nuair a leagfaidh mé mo dhíoltas orthu tuigfidh siad gur mise an Tiarna.”


Mar sin a fhoilseoidh mé mo naofacht agus a chuirfidh mé mé féin in aithne dá lán ciníocha. Tuigfidh siad ansin gur mise an Tiarna.”


Maidir liom féin, tabharfaidh mé chun cúitimh iad, gan anacal gan trócaire.”


Scriosfar an tSamáir, mar bhí sí easumhal dá Dia. Bás le faobhar a imreofar orthu; déanfar smidiríní dá leanaí, agus réabfar a mná torracha.


Beidh Eafráim ina fásach lá an smachtaithe. I measc treibheanna Iosrael fógraím fírinne a bhfuilim cinnte dearfa di.


Tá andúil acu in íobairtí fola; Ofrálann siad iad chun go mbeadh an fheoil le hithe acu! Go deimhin, ní taitneamhach leis an Tiarna iad. As seo amach coinneoidh sé cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé a bpeacaí leo; rachaidh siad ar ais chun na hÉigipte.


Tá faireoir Eafráim i bhfochair mo Dhé - is é an fáidh é. Tá líonta foghlaera leata ar a loirg uile, agus i dteach a Dhé déantar géarleanúint air.


“A Amós, cad é a fheiceann tú?” a dúirt sé. “Cliabh de thorthaí aibí,” a dúirt mé. Ansin dúirt an Tiarna liom: Tá mo phobal Iosrael aibí chun treascairt, ní ligfidh mé a gcionta leo níos mó.


Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.


Is cosúil le dris fhiáin an chuid is fearr acu; is cuma nó fál sceach na daoine is ionraice orthu. Ach tá lá [a] bhfiosraithe ag teacht agus is ansin is ea a bheidh mearbhall orthu.


Bladhmairí is ea a fáithe, fir lán fill; truaillíonn a cuid sagart nithe naofa agus sáraíonn siad an dlí.


Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d'fhonn breith air, mar bhí siad ag rá: “As a mheabhair atá sé.”


óir is laethanta díoltais iad seo, nuair nach foláir gach a bhfuil scríofa a chomhlíonadh.


Má táimid as ár meabhair, is ar son Dé é; má táimid inár gciall is ar mhaithe libhse é.


Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d'fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí