2 Peadar 3:7 - An Bíobla Naofa 19817 Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus á gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n‑éagráifeach. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)7 Ach leis an mbriathar céanna sin tá na neamha agus an talamh atá anois ann á dtaisceadh le haghaidh tine, agus iad á gcaomhnú go dtí lá an bhreithiúnais agus lá scriosta lucht an oilc. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 gur fá chómhair teineadh atá siad d’á gcoimheád ag an mbriathar céadna sin, d’á gcongbháil go dtí lá breitheamhnais agus scriosta na ndaoine neimh‐dhiadha. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Achd neamh agus talamh, a nois atáid da dtaisge ris an mbréithir gcéudna, dá gcoimhéud fá chomhair teineadh go lá damnuighe agus sgriosda na ndáoineadh neimhdhíagha. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20127 Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad dá gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus dá gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n-éagráifeach. Féach an chaibidil |
Ardaígí bhur súile i dtreo na spéire agus breathnaígí ar an talamh síos. Scaipfidh na spéartha ar nós deataigh, imeoidh an talamh ina scifleoga mar a bheadh giobal éadaigh ann, gheobhaidh lucht a áitrithe bás ar nós na míoltóg. Ach mo shlánúsa, beidh sé buan, agus mo chumhacht chun cirt ní rachaidh i léig.
“Ar an ábhar sin,” a deir an Tiarna, “fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada.
“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.