2 Peadar 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Is í seo anois, a cháirde, an dara h‐eipistil atá agam d’á scríobhadh chugaibh; agus san dá eipistil atáim ag brostú bhur slán‐aigne agus ag múscailt bhur gcuimhne, 2 chum go gcuimhneochaidh sibh ar na briathraibh do labhair na naomh‐fháidhe roimh ré, agus ar aithne an Tighearna agus an tSlánuightheora tré n‐bhur n‐abstalaibh: 3 agus a fhios agaibh ar dtús go dtiocfaidh lucht magaidh le sgige ins na laethibh deireannacha, ag leanamhain d’á n‐ainmhiantaibh féin, 4 g‐á rádh, Cá bhfuil geallamhain a theachta? óir ó’n tráth ’n‐a bhfuair ár sinnsir bás, fanann an uile nidh mar bhí ó chéad‐chruthú an domhan. 5 Óir is é is toil leo a dhearmad, go raibh na spéartha ann fad ó, agus go raibh domhan ann do rinneadh le briathar Dé d’uisce agus tré uisce: 6 agus d’á bhrigh sin, go dtáinig an t‐uisce ’n‐a dhílinn ar an domhan do bhí ann an uair sin, gur gur scriosadh é: acht na spéartha agus an talamh atá ann anois, 7 gur fá chómhair teineadh atá siad d’á gcoimheád ag an mbriathar céadna sin, d’á gcongbháil go dtí lá breitheamhnais agus scriosta na ndaoine neimh‐dhiadha. 8 Acht atá rud amháin ann, a cháirde, gur ceart daoibh cuimhneamh air, is é sin gur cuma leis an Tighearna lá amháin nó míle bliadhain, agus míle bliadhain nó lá amháin. 9 Ní dhéanann an Tighearna moill i dtaobh a gheallamhna, do réir tuairme daoine áirithe fá mhoill; acht atá sé foidhneach linn, de bhrigh nach mian leis go gcaillfidhe aoinneach, acht go dtiocfadh an uile dhuine chum aithrighe. 10 Acht tiocfaidh lá an Tighearna mar ghadaidhe; imtheochaidh na spéartha le torann mór an lá úd, agus scriosfar na dúla le dian‐teas loiscneach, agus dóighfear an talamh agus na h‐oibreacha atá ann. 11 Ó thárla go bhfuil sé i ndán do na neithibh seo go léir dul i n‐éag, cionnas mar ba cheart daoibh‐se bheith mar dhaoine do réir deagh‐iomchair agus diadhachta, 12 ag fuireach daoibh, agus sibh go dúthrachtach fá chómhair lae Dé, ’n‐a scriosfar na spéartha le tóiteán teineadh, agus ’n‐a leaghfar na dúla le dian‐teas loiscneach? 13 Acht do réir a gheallamhna, atáimíd ag súil le neamh úr‐nua agus le talamh úr‐nua, ar a ndéanfaidh fíréantacht cómhnaidhe. 14 D’á bhrigh sin, a cháirde, ó tá súil leis na neithibh seo agaibh, déanaidh gach iarracht chum go bhfaighfidhe sibh i síothcháin, gan smál, gan locht ’n‐a fhiadhnaise. 15 Áirmhidh mar shlánú foidhne ár dTighearna: fá mar scríobh ár mbráthair ionmhain Pól chugaibh, leis, do réir na h‐eagna tugadh dhó; 16 mar scríobhann sé, leis, ’n‐a eipistilibh uile; ’n‐a bhfuil neithe gur deacair a dtuigsin, go gclaonann daoine gan foghlaim, gan seasmhacht a gciall, mar chlaonann siad ciall na scrioptúir eile, chómh maith, chum a n‐aimhleasa féin. 17 D’á bhrigh sin, a cháirde, ó’s eol daoibh an méid seo roimh ré, bidhidh ar bhur n‐aire, ar eagla go scuabfaidhe sibh le mearbhall na gcuirptheach, agus go dtuitfeadh sibh ó n‐bhur seasmhacht féin. 18 Acht bidhidh ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ghlóir anois agus go síorraidhe. Amén. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society