Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 21:21 - An Bíobla Naofa 1981

Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

San am úd teitheadh a mbeidh in Iúdaea chun na sléibhte, agus imíodh a bhfuil istigh sa chathair aisti, agus ná fillidís uirthi a bhfuil amuigh faoin tír;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Annsin iad-san atá i n-Iudaia, teicheadh siad chun na sléibhte, agus iad-san atá ina lár, imthigheadh siad amach, agus an mhuinntir atá ins na guirt, ná taradh siad isteach inntí,

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Annsin na daoine atá i nIúdaea, teichidís chum na gcnoc; agus na daoine atá ’n‐a lár, imthighdís amach; agus na daoine atá amuigh sa tír ná téighidís isteach innti.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

An sin an dream bhías a ttír Iúdáighe teitheadh síad fá na sléibhtibh; agus an luchd bhías ann a lar, imthigheadh síad aisde; agus an dream bhías ar na machairidhibh ná héirgheadh síad a sdeach innte.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Ansan na daoine atá i n-Iudaéa teithidís chun na gcnoc, agus na daoine atá ’n-a lár imthighdís amach, agus na daoine ins na tuaithibh ná téidís isteach inti;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti;

Féach an chaibidil



Lúcás 21:21
13 Tagairtí Cros  

Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”


Ach, d'fhéach bean Lót siar agus rinneadh gallán salainn di.


Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.


Ach tharla, nuair a d'ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.’ Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.”


gur thug Irimia aghaidh ó Iarúsailéim le dul go tír Bhiniáimin chun a shealúchas a dhealú ansin i measc a phobail féin.


Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.


Dúirt sé leis an gcomhthionól: “Druidigí amach, impím oraibh, ó bhothanna na bhfear claon seo, agus ná bainigí le haon ní is leo le heagla go scuabfaí sibhse leis chun siúil lena bpeacaí go léir.”


Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim


ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte;


an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos agus ná téadh sé isteach chun rud a bhreith leis as a theach;


Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá: “Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.