‘Is mise Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib’? Ní hé Dia na marbh é ach Dia na mbeo.”
Lúcás 20:38 - An Bíobla Naofa 1981 Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is é a thiocfas as sin nach é Dia na marbh é, ach Dia na mbeo; mar is beo dó cách.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir ní Dia do dhaoine marbha é, acht do dhaoine beo; óir tá siad uilig beo dó-san. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ní h‐é Dia na marbh é, acht Dia na mbeo: óir is beo dhó‐san iad uile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír ní hé Día na marbh é, achd na mbéo: óir atáid síad uile na mbeathaigh dhósan. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní do dhaoine atá marbh is Dia é ámhthach, ach do dhaoine atá beó; óir is beó dhó iad go léir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ní hé Dia na marbh é, ach Dia na mbeo; óir is dó is beo cách.” |
‘Is mise Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib’? Ní hé Dia na marbh é ach Dia na mbeo.”
Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.
Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, mairfidh sé tríom.
Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.
Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.
Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain.