Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 20:2 - An Bíobla Naofa 1981

agus dúirt an méid seo leis: “Inis dúinn cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t‑údarás sin duit?”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

go ndúirt siad leis, “Inis dúinn cad é an t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé a thug an t‑údarás sin duit.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus deir siad leis, ag rádh: Innis dúinn, cad é an t-ughdarás le n-a ndéan tú na neithe seo, agus cé thug duit an t-ughdarás seo?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

agus do labhradar leis, g‐á rádh; Innis dúinn, Cia an t‐ughdarás atá agat chum na neithe seo do dhéanamh? nó cia h‐é thug an t‐ughdarás sin duit?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do labhradar ris, ag rádh, Innis dúinne, cia an tughdarrás as a ndéanann tú na neithesi? Nó cia thug an tughdarrás so dhuit?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus go ndubhradar leis: Innis dúinn cad é an t-úghdarás atá agat chun na neithe seo dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás san?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

agus dúirt an méid seo leis: “Inis dúinn cén t-údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t-údarás sin duit?”

Féach an chaibidil



Lúcás 20:2
13 Tagairtí Cros  

“Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”


Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí,


Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tá ceist agamsa le cur oraibhse freisin: insígí dom:


D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”


An fear a bhí ag déanamh na héagóra ar a chomharsa, bhrúigh sé Maois uaidh á rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn?


“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.