Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ortsa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’
Lúcás 20:12 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é ghoin agus é thiomáint amach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuir sé an seirbhíseach eile chucu; agus chaith siad amach é agus é dearg ina chuid fola. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus uair eile chuir sé an tríomhadh seirbhíseach. Agus ghoin siad é sin, agus theilg siad amach é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuir sé an treas duine: agus do leonadar eisean, leis, agus do chaitheadar amach é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus na cheann sin do chuir sé an treas úadh: achd do chuireadarsan amach an tésin leis, ar na lot. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuir sé chúcha an trímhadh duine. Do chréachtnuighdar é sin, agus chaitheadar amach é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é a ghoint agus é a thiomáint amach. |
Ansin dúirt sé le duine eile: ‘Cé mhéad atá amuigh ortsa?’ Dúirt seisean: ‘Tá céad ceathrú arbhair.’ Dúirt sé leis: ‘Tóg do bhille agus scríobh ochtó.’
Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é.
Dúirt máistir an fhíonghoirt ansin: ‘Cad a dhéanfaidh mé? Cuirfidh mé uaim mo mhac muirneach féin; b'fhéidir go dtabharfaidís ómós dó sin.’