Más éanlaith a bheidh le huileloscadh aige mar íobairt don Tiarna, tugadh sé a ofráil de choilm nó de ghearrcaigh cholúir.
Lúcás 2:24 - An Bíobla Naofa 1981 agus chun go n‑ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus le híobairt a ofráil de réir a ndeir dlí an Tiarna, “dhá fhéarán bhreaca, nó dhá cholm óga.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chun go dtabharadh siad an ofráil, mar atá ráidhte i ndlighe an Tighearna, cúpla colmán, nó dhá cholmán óga. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus chum an íodhbairt do dhéanamh mar órduighthear i reacht an Tighearna, Cúpla féarán, nó dhá cholúr óga. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thabhairt ofrála, do réir mar a dearthar a reachd an Tighearna, Cúpla turtair, nó dha gheirrceach coluim. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chun go dtabharfaidís an ofráil mar a h-órduighthear i ndlígh an Tighearna, cúpla colúr nó dhá ghearrcach colúir. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus chun go n-ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.” |
Más éanlaith a bheidh le huileloscadh aige mar íobairt don Tiarna, tugadh sé a ofráil de choilm nó de ghearrcaigh cholúir.
“Labhair le clann Iosrael á rá: Má ghabhann bean gin agus go mbeireann sí mac, bíodh sí neamhghlan ar feadh seacht lá, faoi mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige péire colm nó dhá ghearrcach colúir a thabhairt, ansin tugadh sé deachú éafá de phlúr mar íobairt ar son an pheaca a rinne sé; ná cuireadh sé ola ann, ná túis chumhra air, mar is íobairt pheaca é.
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.