“Coisric dom,” ar sé, “gach céadghin; cibé a chéadosclóidh broinn i measc chlann Iosrael, idir fhear is bheithíoch, is liomsa é.”
Lúcás 2:23 - An Bíobla Naofa 1981 mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fíreannach atá ina chéadghin, is rud coisricthe don Tiarna é” - An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) (mar atá scríofa i ndlí an Tiarna “Gan fireann dá n‑osclaíonn broinn nach ngairfear naofa don Tiarna de”) Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Do réir mar atá scríobhtha i ndlighe an Tighearna: Gach fireann a thig as bhroinn béidh sé naomhtha do’n Tighearna, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) (mar atá scríobhtha i reacht an Tighearna, Gach fireann fhosclas broinn, glaodhfar naomhtha do’n Tighearna air), An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) (Mar a tá scriobhtha a reachd an Tighearna, Gach céudghein mhic thuismeas brú bíaidh sé náomhtha don Tighearna;) Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Do réir mar atá sgríobhtha i ndlígh an Tighearna: Gach firean ag osgailt broinne is naomhtha chun an Tighearna é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fireannach atá ina chéad-ghin, is rud coisricthe don Tiarna é”– |
“Coisric dom,” ar sé, “gach céadghin; cibé a chéadosclóidh broinn i measc chlann Iosrael, idir fhear is bheithíoch, is liomsa é.”
Déan mar an gcéanna le d'eallach agus le do chaoirigh; fanadh an chéadghin seacht lá lena mháthair; ar an seachtú lá tabhair domsa é.
“Is liomsa gach a n‑osclaíonn broinn, gach fireannach is céadghin i dtréad nó i dtáin leat.
Gach céadghin de dhúile beo más fear, más ainmhí, a thabharfar chun an Tiarna, bíodh sé agatsa. Gach céadghin fir, áfach, agus gach céadghin ainmhí neamhghlain, ní foláir duit iad a fhuascailt.
Óir is liomsa gach céadghin. An lá a mharaigh mé gach céadghin i dtalamh na hÉigipte, rinne mé gach céadghin in Iosrael idir dhuine agus ainmhí a choisreacan dom féin; is liomsa iad. Mise an Tiarna.”