Ach ní leor leat an fad seo, a Thiarna Dia, agus déanann tú do ghealltanais a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn (agus seo é teagasc na ndaoine, a Thiarna Dia).
Lúcás 19:25 - An Bíobla Naofa 1981 ‘Ach, a thiarna,’ ar siad sin leis, ‘tá deich míoná aigesean.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) (Agus dúirt siad leis, ‘A Thiarna, nach bhfuil deich bpunt aige cheana?’) Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt siad: A Thighearna, tá deich bpuntaí aige. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhradar‐san leis, A thighearna, atá deich bpúint aige. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) (Agus a dubhradarsan ris, A thighearna, atáid deich bpiosa aige.) Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhradar, A rí, táid deich bpúint aige. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ‘Ach, a Thiarna,’ ar siad sin leis, ‘tá deich míoná aige-sean .’ |
Ach ní leor leat an fad seo, a Thiarna Dia, agus déanann tú do ghealltanais a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn (agus seo é teagasc na ndaoine, a Thiarna Dia).
Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’
Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: ‘Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.’
‘Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.