Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 7:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Ach ní leor leat an fad seo, a Thiarna Dia, agus déanann tú do ghealltanais a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn (agus seo é teagasc na ndaoine, a Thiarna Dia).

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus fós ba beag so ad radharcsa, a THIGHEARNA Día; ach do labhair tú mar an gcéadna ar thigh do shearbhfhoghantuigh go cian daimsir. Agus a né so dligheadh an duine, a THIGHEARNA Día?

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 7:19
12 Tagairtí Cros  

Thug mé teach do mháistir duit agus mná do mháistir i d'ucht duit; thug mé teaghlach Iosrael duit agus teaghlach Iúdá, agus dá mba nár leor sin, thabharfainn oiread eile duit.


Ach ní mór an ní is fiú an méid sin i súile an Tiarna, mar cuirfidh sé Móáb féin faoi bhur smacht.


Ach ní leor leat an fad seo, a Dhia, agus déanann tú do gheallúintí a shíneadh amach chuig teaghlach do shearbhónta san am atá i bhfad romhainn. Taispeánann tú mar a bheadh líne shleachta agus is é an Tiarna, Dia, atá á gheallúint.


do bhreithiúnas mar an duibheagán. Tugann tú dídean don duine is don bheithíoch.


Ní leor libh innilt ar an bhféar méith ach satlaíonn sibh ar an gcuid eile le bhur gcrúba. Ní leor libh an t‑uisce glan a ól ach truaillíonn sibh an chuid eile le bhur gcrúba.


Nár leor sinn a thabhairt ó thír ina raibh bainne agus mil ina slaoda le bás a fháil san fhásach seo, agus gan a bheith ag iarraidh bheith i do thiarna orainn anois?


An beag libh é go ndearna Dia Iosrael sibh a dheighilt ó chomhthionól Iosrael do bhur mbreith ina chomharsanacht féin, le seirbhís a dhéanamh i dtaibearnacal an Tiarna, agus le seasamh os comhair an chomhthionóil seo ag comhlíonadh na ngnásanna ar a son?


d'fhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa.


D'fhreagair sé: “É seo eile,” ar sé, “is mé captaen arm an Tiarna. Táim ag teacht anois...” Thit Iósua ar a bhéal agus ar a fhiacla chun talún agus d'adhar é agus dúirt leis: “Cad iad orduithe mo Thiarna dá shearbhónta?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí