Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Samúéil 7:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, gur threoraigh tú an fad seo mé?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 ¶ Agus ann sin do chuáidh Dáibhi rígh a steach, agus do shuigh a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA, agus dubhairt sé, Cía misi, a THIGHEARNA Día? agus cred é mo thigh, as a ttug tusa mé go nuige so?

Féach an chaibidil Cóip




2 Samúéil 7:18
15 Tagairtí Cros  

ní fiú mé aon phioc den chineáltas buan ná den dílseacht a thaispeáin tú do do shearbhónta. Óir ní raibh agamsa ach mo bhata nuair a ghabh mé thar an Iordáin anseo, agus anois is líon dhá bhaicle mé.


Saor mé, impím ort, ó láimh mo dhearthár, ó láimh Éasau, mar is eagal liom é; is baol go n‑ionsóidh sé sinn agus sinn go léir a dhíothú, na leanaí agus a máithreacha chomh maith.


Seasann mo theach daingean i láthair Dé, mar rinne sé conradh síoraí liom, agus d'fhág gach ní in eagar go teann. Nach gcuireann sé bláth ar gach ní a shlánaíonn mé gach ní is mian liom?


D'inis Nátán na briathra sin go léir agus an foilsiú sin ar fad do Dháiví.


Chuaigh Dáiví rí isteach, shuigh os comhair an Tiarna agus dúirt: “Cé hé mise, a Thiarna Dia, agus cad é mo theaghlach, chun gur threoraigh tú an fad seo mé?


Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé d'acmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort.


Nuair a fheicim na spéartha, saothar do mhéar - an ré agus na réaltaí a rinne tú -


Dúirt Maois le Dia: “Cé hé mise a rá is go rachainn ag triall ar Fhorann agus clann Iosrael a thabhairt ón Éigipt amach?”


Thóg Hiziciá an litir ó lámha na dteachtairí agus léigh í. Ansin chuaigh sé suas go Teampall an Tiarna agus spréigh sé amach os comhair an Tiarna í.


Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe


D'fhreagair seisean: “A Thiarna, conas a thiocfaidh liomsa Iosrael a shaoradh? Is é mo fhinese an fine is laige i Manaise, agus is mise is lú cumas i dteaghlach m'athar.”


Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?”


Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael


D'fhreagair Dáiví Sól á rá: “Cé hé mise, agus cé hiad mo mhuintir, agus teaghlach m'athar in Iosrael a rá go mbeinn i mo chliamhain ag an rí?”


D'fhreagair Sól: “Nach Biniáimineach mé, duine den treibh is suaraí in Iosrael? Agus nach é m'fhinese an fine is suaraí de threibh Bhiniáimin uile? Cad ab áil leat á rá sin liom?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí