Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’
Lúcás 19:24 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: ‘Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé lena raibh ina seasamh lena thaobh, ‘Bain de an punt, agus tabhair é dʼfhear na ndeich bpunt.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leis an mhuinntir a bhí ina seasamh annsin: Beirigidh uaidh an punta agus tabhairigidh é do’n té ag a bhfuil na deich bpuntaí. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo‐san do bhí ’n‐a seasamh ’n‐a láthair, Tógaidh uaidh an púnt, agus tabhraidh do’n té ag a bhfuil na deich bpúint. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé ris an muinntir do bhi na seasamh, Tóguidh úadh an piósa, agus tabhruidh don té úd agá bhfuilid na deich bpiósa é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí láithreach, Tógaidh uaidh an púnt agus tugaidh é do’n fhear go bhfuil na deich bpúint aige. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: ‘Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.’ |
Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’
Chuir sé fios air agus dúirt leis: ‘Cad é seo a chluinim mar gheall ort? Tabhair cuntas uait i do mhaoirseacht, óir ní féidir thú a bheith i do mhaor feasta.’
Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’
Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.’