ach an té a bhaineann leo, gabhann sé chuige iarann nó crann sleá agus ansin dóitear ar fad iad sa tine.
Lúcás 19:14 - An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach bʼfhuath le fir a thíre féin é gur chuir siad toscaireacht ina dhiaidh á rá, ‘Ní maith linn an fear seo a bheith ina rí os ár gcionn.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht bhí fuath ag a chuid daoine air, agus chuir siad teachtaireacht ina dhiaidh, ag rádh: Ní h-áil linn an fear seo a bheith ina rígh orainn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do bhí fuath ag a dhaoinibh dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n‐a dhiaidh, g‐á rádh, Ní h‐áil linn é seo bheith ’n‐a righ orainn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do bhí fúath ag luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar teachdaireachd na dhiáigh, ag rádh, Ní hail linn é so do ríoghadh oruinn. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach bhí fuath agá dhaoine dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n-a dhiaidh ’gha rádh: Ní h-áil linn é seo bheith ’n-a rí orainn. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní háil linn é seo a bheith ina rí orainn.’ |
ach an té a bhaineann leo, gabhann sé chuige iarann nó crann sleá agus ansin dóitear ar fad iad sa tine.
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.
In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.
Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána.
Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’
Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d'ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t‑airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach.
Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”
“Má thugann an saol fuath daoibh, bíodh a fhios agaibh gur thug sé fuath domsa romhaibh.
Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Tabhair aird ar ghlór na ndaoine agus ar a ndeir siad leat. Óir ní duitse a dhiúltaigh siad, ach domsa a bheith i mo rí orthu.