Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d'inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu.
Lúcás 17:5 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt na haspail leis an Tiarna: “Méadaigh an creideamh againn.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt na haspail leis an Tiarna, “Méadaigh ár gcreideamh!” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt na h-Abstail leis an Tighearna: Méaduigh creideamh dúinn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt na h‐abstail leis an Tighearna, Méaduigh ár gcreideamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhradar na heasbuil ris, A Thighearna, méuduigh ar gcreideamh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt na h-Aspoil leis an dTighearna: Méaduigh creideamh dúinn. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt na haspail leis an Tiarna: “Méadaigh an creideamh againn.” |
Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d'inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu.
Ghlaoigh athair an pháiste amach láithreach: “Creidim, tar i gcabhair ar mo dhíchreideamh.”
Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”
agus chuir scéala go dtí an Tiarna á rá: “An tú an té atá le teacht, nó an ceart dúinn bheith ag súil le duine eile?”
Tá sé d'fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.
Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.