Lúcás 17:4 - An Bíobla Naofa 1981 Agus má pheacaíonn sé i d'aghaidh seacht n‑uaire sa lá agus go n‑iompóidh sé chugat seacht n‑uaire, ag rá: ‘Tá aithreachas orm’, maith dó.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus má pheacaíonn sé i dʼéadan seacht n‑uaire i rith an aon lae amháin, agus iompú chugat seacht n‑uaire agus é á rá, ‘Tá aithreachas orm,’ caithfidh tú maithiúnas a thabhairt dó.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus má chionntuigheann sé i d’aghaidh seacht n-uaire san lá, agus é tionntódh thar ais chugat seacht n-uaire san lá, ag rádh: Tá aithreachas orm: tabhair maitheamhnas dó. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus má ghní sé peacadh seacht h‐uaire sa lá, agus má fhilleann sé chugat seacht h‐uaire, g‐á rádh, Atá aithreachas orm; caithfidh tú a mhaitheamh dhó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus má pheacaigheann sé ad aghaidh seachd nuáire sa ló, agus go bhfillfe sé chugad seachd nuáire sa ló, ag rádh, Atá aithreachas oram; tabhair maitheamhnus dó. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus má dheineann sé beart ad’ choinnibh seacht n-uaire sa lá, agus má iompuigheann sé chúghat seacht n-uaire sa lá agus go ndéarfaidh sé, Tá cathú orm: maith dhó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus má pheacaíonn sé i dʼaghaidh seacht n-uaire sa lá agus go n-iompóidh sé chugat seacht n-uaire, ag rá: ‘Tá aithreachas orm’, maith dó.” |
Sin é freisin mar a dhéanfaidh m'Athair neamhaí libhse ach mura maitheann gach duine agaibh dá bhráthair féin ó chroí.”
Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí;
Ach “má bhíonn ocras ar do namhaid tabhairse rud le hithe dó, agus má bhíonn tart air tabhair dó rud le hól. Má dhéanann tú amhlaidh beidh tú ag carnadh aibhleoga tine ar a cheann”.