Lúcás 17:16 - An Bíobla Naofa 1981 agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dʼumhlaigh sé go talamh ag cosa Íosa, le buíochas a thabhairt dó. Anois ba Shamaratánach eisean. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chaith sé é féin ar a aghaidh ag a chosa, ag tabhairt bhuidheachais; agus ba Samáiriteánach an fear seo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do thuit sé ar a aghaidh ag a chosaibh, ag gabháil a bhuidheachais leis: agus Samáritánach ab eadh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thuit sé ar a aghuidh agá chosaibhsean, ag breith bhuidheachais ris: agus budh Samaritánach an fearso. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabhail a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob’ eadh é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean. |
Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith;
Agus ar dhul isteach sa teach dóibh, chonaic siad an leanbh le Muire a mháthair, agus d'umhlaigh siad go talamh ag déanamh ómóis dó. Agus d'oscail siad a gcistí agus d'ofráil siad tabhartais dó, ór agus túis agus miorra.
Ach ó thuig an bhean cad a bhí déanta inti, tháinig sí go critheaglach agus chaith í féin síos roimhe agus d'inis an fhírinne go léir dó.
Labhair Íosa agus dúirt: “Nár glanadh an deichniúr? Agus an naonúr eile, cá bhfuil siad?
Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”
Dúirt an Samárach mná leis ansin: “Conas go n‑iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?” Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh.
i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac, mar a thugann siad don Athair. An té nach dtugann onóir don Mhac ní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.
D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:
Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”
Nochtfar rúin a chroí agus caithfidh sé é féin ar a bhéal ag déanamh ómóis do Dhia agus ag fógairt go bhfuil Dia in bhur measc dáiríre.
Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”
Agus i gcónaí nuair a thugann na dúile glóir agus onóir agus buíochas don té atá ina shuí sa ríchathaoir, an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, sléachtann an ceathrar seanóirí fichead go talamh os comhair an té atá ina shuí sa ríchathaoir, agus adhrann siad an té a mhaireann ar feadh na síoraíochta, agus caitheann a gcorónacha síos os comhair na ríchathaoireach á rá:
Agus dúirt na ceithre dúile: “Amen.” Agus shléacht na seanóirí agus rinne siad adhradh.