Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?
Lúcás 16:10 - An Bíobla Naofa 1981 An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “An té a bhíos iontaofa faoi bheagán, bíonn sé iontaofa freisin faoi mhórán; agus an té a bhíos mí-ionraic faoi bheagán bíonn sé mí-ionraic faoi mhórán freisin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara An té a bhíos dílis san rud is lugha bíonn sé dílis fosta i rud níos mó, agus an té a bhíos mí-ionnraic san bheagán, bíonn sé mí-ionnraic fosta san mhórán. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) An té bhíos dílis san rud beag, bíonn sé dílis i rud mór: agus an té bhíos mí‐dhílis sa rud beag, bíonn sé mí‐dhílis i mórán, chómh maith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) An tí atá ionnruic sa ní is lúgha ata sé ionnruic a móran; agus gidh bé atá éagcórach sa ní is lugha atá se éagcórach a mórán mar an gcéadna. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin. |
Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”
Ach dúirt sé é sin, ní mar go raibh aon aird aige ar na boicht ach gur ghadaí é agus go mbíodh an sparán aige agus go mbíodh sé ag tarraingt as a gcuirtí ann.
Le linn an tsuipéir agus tar éis don diabhal a chur ina chroí ag Iúdás, mac Shíomóin Isceiriót, go mbraithfeadh sé é -
Ansin díreach i ndiaidh an bhruain, chuaigh Sátan isteach ann. Dúirt Íosa leis dá bhrí sin: “A bhfuil agat á dhéanamh, déan go tapa é!”
Bhí sé dílis don Té a cheap é go díreach mar a bhí Maois dílis freisin i dteaghlach uile Dé.