Lúcás 15:17 - An Bíobla Naofa 1981 Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m'athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta! An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a tháinig sé chuige féin dúirt sé leis féin, ‘Nach iomaí sin duine atá ar fostú ag mʼathairse agus a sá aráin agus fuílleach acu, agus a rá is go bhfuil mise anseo ag fáil bháis leis an ocras! Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ag cuimhniughadh air féin dó, dubhairt sé: Cad é a bhfuil de lucht tuarastail i dtigh m’athar agus a sáith aráin acu, agus tá mise annseo ag fagháil bháis leis an ocras. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair do chruinnigh sé a mheabhair, adubhairt sé, Nach iomdha searbhónta atá ag m’athair agus breis agus a ndóthain aráin aca, agus mise annso ag fágháil bháis le h‐ocras! An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chuimhnigh sé air féin, a dubhairt sé, Gá mhéd luchd túarasdail matharsa agá bhfúil iomarcaidh aráin, agus misi ag dul a mugha le gorta! Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do mhachtnaimh sé i n’aigne agus dubhairt sé: Cad a bhfuil de lucht tuarasdail a thuilleamh i dtigh m’athar agus a ndóithin aráin acu, agus mise anso ag fághail bháis do’n ghorta! An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag mʼathair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta! |
Amhail taibhreamh a scaiptear le dúiseacht cuirfidh tú a samhailtí ar ceal, a Thiarna.
I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.
Sea, d'iompaigh mé i leataobh, ach tháinig aithrí orm ó shin; tháinig tuigsin chugam, bhuail mé m'ucht. Bhí deargnáire orm, níor thóg mé mo cheann; sea, lean dom go fóill míchlú m'óige.’
Is cuimhin le Iarúsailéim anois a laethanta angair agus fáin, nuair a thit a muintir lena naimhde agus gan cabhróir dá laghad acu. Bhíodh a heascairde ag baint lán na súl aisti; ábhar scige dóibh ab ea a turnamh.
De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.
Óir rinne a máthair striapachas; an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin. “Rachaidh mé ar thóir mo leannán,” ar sise, “a thugann dom m'arán agus m'uisce, m'olann agus mo líon, m'ola agus mo chuid dí.”
Agus ba é ba mhian leis a bholg a líonadh de na féithleoga a d'itheadh na muca, agus ní thugadh aon duine dó iad.
Agus in ifreann dó, d'ardaigh sé a shúile agus é i bpiolóidí, agus chonaic Abrahám i bhfad uaidh agus Lazaras ina ucht.
Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu.
Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: “Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.”
Chuaigh an chaint sin go dtí an croí iontu agus dúirt siad le Peadar agus leis na haspail eile: “Cad atá le déanamh againn, a bhráithre?”
agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear: “Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.”