Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.
Lúcás 15:14 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí an chianóg dheireanach caite aige, dʼéirígh gorta mór sa tír úd, agus thosaigh an ainnis ar theannadh airsean. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí a raibh aige caithte aige, thárla gorta mhór san tír sin, agus thoisigh sé a bheith i n-anfhás. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí gach éinnidh caithte aige tháinig gorta an‐mhór sa tír sin; agus do thosnuigh sé ar bheith i ngábhatar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tar éis a choda uile do chaitheamh dho, déirih gorta romhór ann sa tir sin; agus do thosaigh seision ar bheith a ríachdanas. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí gach aon rud caithte aige tháinig gorta ana-dhian sa tír sin, agus thusnuigh sé ar bheith i n-uireasba. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin a bheith in uireasa. |
Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.
Dá bhrí sin shín mé mo lámh amach i do choinne. Laghdaigh mé do sciar bia, d'fhág mé thú i muinín do naimhde, iníonacha na bhFilistíneach, a gcuireann do striapachas déistin orthu.
Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d'imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.
D'imigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht mhuc.