Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dea-scéil na ríochta, ag leigheas gach galar agus gach éagruas.
Lúcás 13:22 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go Iarúsailéim. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Shiúil sé leis sna bailte idir bheag agus mhór, ag teagasc, agus é ag tarraingt ar Iarúsailéim. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chuaidh sé fríd na cathracha agus na bailte ag teagasc, agus é ag cur an bhóthair de go h-Ierusalem. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do ghluais sé roimhe tríd na cathrachaibh agus tríd na sráid‐bhailtibh, ag teagasc, agus é ag dul fá dhéin Iarúsalem. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chúaidh sé tri gach cathair agus gach baile, ag teagasg, agus ag gábháil na sligheadh go Hiérúsalem. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do ghluais sé tré sna catharachaibh agus tré sna bailtibh ag teagasg, agus é ag dul fé dhein Ierúsalem. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí sé ag gabháil trí chathracha agus trí bhailte ag teagasc, ar a bhóthar dó go hIarúsailéim. |
Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dea-scéil na ríochta, ag leigheas gach galar agus gach éagruas.
agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh. Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc.
Dúirt duine éigin leis: “A Thiarna, an ea nach mbíonn slánaithe ach an beagán?” Dúirt sé leo:
Ansin, nuair a bhí an t‑am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,
an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.