San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n‑íobairtí a mheascadh ar a chéile.
Lúcás 13:2 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ba é an freagra a thug sé orthu, “An measann sibh gur mhó na peacaigh iad na Galailéigh úd ná na Galailéigh eile, as siocair iad an pionós sin a fhulaingt? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: An síleann sibh gur mhó na peacaigh na Gaililéigh seo ná an chuid eile de mhuinntir na Gailile, de bhrígh gur fhulaing siad a leithéidí sin? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair sé agus adubhairt sé leo, An measann sibh gur mheasa mar pheacaigh na Galiléaigh úd ’ná an chuid eile de na Galiléachaibh, de chionn gur fhulaingeadar an méid sin? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra Díosa a dubhairt sé riu, An soiltisí gur ab mó na peacthaigh na Galiléeanuighsi ná an chuid eile do na Galiléeanachuibh, ar son gur fhuilngeadar a leithéide só? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: An dóigh libh gur pheacacha na Gaililíacha san thar Ghaililíachaibh eile, treas go dtáinig an íde sin ortha? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “An é is dóigh libh, agus a rá gur fhulaing siad an méid sin, gur mhó de pheacaigh na Gailíligh sin ná na Gailíligh eile go léir? |
San am sin féin tháinig daoine i láthair á insint dó faoi na Gailíligh, a raibh Pioláit tar éis a gcuid fola agus fuil a n‑íobairtí a mheascadh ar a chéile.
Níor mhó, deirim libh; ach mura ndéana sibh aithrí millfear sibh uile mar an gcéanna.
Nó an t‑ocht nduine dhéag úd ar thit an túr orthu i Siolóam agus gur mharaigh iad, an dóigh libh gur mhó a bhí siad i bhfiacha ná an chuid eile d'áitritheoirí Iarúsailéim?
D'fhiafraigh a dheisceabail de: “A raibí,” ar siad, “cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?”
Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.”