Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n‑íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán.
Lúcás 12:59 - An Bíobla Naofa 1981 Deirim leat, ní thiocfaidh tú amach as sin nó go mbeidh an leathfheoirling dheireanach íoctha agat. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Táim ag insint duit nach bhfuil scaoileadh i ndán duit go raibh an phingin rua dheireannach íoctha agat.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deirim leat, ní rachaidh tú amach as sin, go dtí go ndíolaidh tú fiú an chianóg dheireannach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adeirim leat, Ní thiocfaidh tú amach as, ar chor ar bith, nó go n‐íocair an fheoirling dheiridh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deirim riot, nách dtiocfa tú a mach as sín, no go nióca tú an fheóirlinn deigheanach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Deirim leat ná tiocfair amach as san go ndíolair an chianóg dheirineach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Deirim leat, ní thiocfaidh tú amach as sin nó go mbeidh an leathfheoirling dheireanach íoctha agat. |
Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n‑íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán.
Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.
Agus imeoidh siad leo, iad seo isteach i bpionós síoraí, ach na fíréin i mbeatha shíoraí.”
Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an cianóigín deireanach díolta agat.
Agus tháinig baintreach dhealbh agus chaith sí isteach dhá chianóg, is é sin feoirling.
Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’
Tá sé d'fhiacha orainn bheith ag gabháil buíochais gan stad le Dia mar gheall oraibh, a bhráithre, agus níl ann ach an ceart, mar tá bhur gcreideamh ag fás thar na bearta agus bhur ngrá dá chéile, gach duine agaibh, ag dul i méid.