Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.
Lúcás 12:40 - An Bíobla Naofa 1981 Bígí sibhse ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Caithfidh sibhse bheith ullamh freisin; mar tá Mac an duine ag teacht san uair nach mbeidh súil agaibh leis.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Bígidh-sé fosta ullamh, óir san uair nach síleann sibh is eadh a thiocfas Mac an Duine. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Bidhidh‐se ullamh, mar an gcéadna: óir is ar uair nach bhfuil coinne agaibh leis thiocfas Mac an Duine. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar a nadhbharsin fós bithisi ullamh: oír is a núair nach saoiltí thiocfus Mac an duine. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bídhidh-se ollamh, óir ni’l fhios agaibh cathain a thiocfaidh Mac an Duine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bígí sibh-se ullamh freisin, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.” |
Bígí ag faire, dá bhrí sin, mar níl a fhios agaibh cén lá a thiocfaidh bhur dTiarna.
Sibhse freisin, mar sin, bígí ullamh, óir is ar an uair nach síleann sibh a thiocfaidh Mac an Duine.
Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh.
Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d'fhonn a hainmhianta a shásamh.
Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall.
Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó. Óir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachair arna hullmhú féin.