Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh;
Lúcás 12:22 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n‑abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt sé lena dheisceabail, “Insím daoibh ar an ábhar sin bheith gan imní faoi bhur mbeatha, cad é a íosfas sibh, ná faoi bhur gcolainn, cad é a chuirfeas sibh oraibh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé le n-a dheisciobail: Ar an adhbhar sin, deirim libh, ná bíodh cúram oraibh fá bhur mbeatha, cad é a íosas sibh, ná fá bhur gcorp, cad é a chuirfeas sibh oraibh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, créad íosfas sibh; ’ná i dtaobh bhúr gcuirp, créad chuirfeas sibh oraibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé ré na dheisciobhluibh, Uime so a deirim ribhsi, Ná bidhidh, ro chúramach tá bhur gcorp, créd é an ní íosdáoi umuibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Deirim libh, d’á bhrígh sin, ná bíodh ceist oraibh i dtaobh bhúr n-anama, cad a dh’íosfaidh sibh, ná i dtaobh an chuirp, cad a chlúdóchaidh sibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé lena dheisceabail: “Sin é an fáth a n-abraim libh: ná bígí imníoch faoi bhur mbeatha i dtaobh bia, ná faoi bhur gcorp i dtaobh éadaigh. |
Nuair a thabharfar sibh i láthair na sionagóg agus na ngiúistísí agus an lucht údaráis, ná bígí go himníoch ag fiafraí conas bhur gcúis a phlé, ná cad a déarfaidh sibh;
Sibhse, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin.
Is amhlaidh ba mhaith liom sibh a bheith saor ó imní. Bíonn an fear singil buartha faoi ghnóthaí an Tiarna ag iarraidh an Tiarna a shásamh;
Ná bígí imníoch faoi rud ar bith ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.
Ná bíodh andúil agaibh san airgead. Ach bígí sásta lena bhfuil agaibh. Óir, deir Dia féin: “Ní thréigfidh mé thú go deo; ní fhágfaidh mé san abar thú choíche.”