Lúcás 11:53 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ar dhul amach as sin dó, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag cothú na mioscaise chuige thar fóir agus á shaighdeadh chun cainte faoi iomad nithe, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a bhí sé ag imeacht as an áit, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairiséigh ar chur go crua air, agus á ghríosadh chun labhairt faoi mhórán nithe, agus iad ag fuireachas leis, le breith ar rud dá ndéarfadh sé. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a bhí na neithe sin dá rádh aige leo, thoisigh na Fairisínigh agus na dlightheoirí a dhíospóireacht go dian leis, agus a chur tuirse ar a bhéal fá mhórán neithe, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhí sé imthighthe as an áit sin, do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar aighneas do chur air go dian, g‐á spreagadh chum cainnte ar mhórán neithe, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a nnáir dubhairt sé na neithese riú, do thionnsgnadar na sgriobuidhe agus na Phairisínigh consbóid ghéar do dhéanamh ris, agus a thabhairt air labhairt ar mhórán do neithibih: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhí na neithe sin aige ’á rádh leó, do chrom na Fairisínigh agus lucht na dlíghe ar aighneas leis go h-ana-dhian, agus ar a bhéal do chluiche ar a lán neithe, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ar dhul amach as sin dó, thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag cothú na mioscaise chuige thar fóir agus dá shaighdeadh chun cainte faoi iomad nithe, |
“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”
Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”
Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.
Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra.
Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh - iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann -
“Bhí mé féin deimhin de tráth gurbh é mo dhualgas é gach dícheall a dhéanamh in aghaidh ainm Íosa Nazóraigh.
Sin é an fáth gur mholamar do Thíteas an gnó carthanachta seo a thabhairt chun críche in bhur measc ó ba é a chuir tús leis.