Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim
Lúcás 1:65 - An Bíobla Naofa 1981 Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus thit an eagla ar a gcomharsana uile go léir. Agus bhítí ag caint faoi na nithe sin ar fud cheantar sléibhteach Iúdaea; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tháinic eagla ar a gcómharsain go h-uile, agus h-innseadh na neithe seo uilig ar fud sléibhte Iudaia ar fad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do ghabh eagla iad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe ’n‐a dtimcheall: agus do leath tuairisc na neithe sin go léir ar fud na sléibhte i nIúdaea ar fad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghabh eagla a gcomharsuin uile: agus do haithriseadh na neithe so uile chois tsléibhe thíre Iúdaighe uile. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig eagla air na cómharsain go léir, agus do h-innseadh na neithe sin uile ar fuid sléibhte Iúdaéa ar fad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile, |
Nuair a bhí Íosa saolaithe i mBeithil Iúdáia in aimsir Héaróid rí, tháinig saoithe ón aird thoir go dtí Iarúsailéim
Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d'imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá,
Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad d'uamhan agus deiridís: “Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.”
Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.”
Fuair gach duine in Eifeasas, idir Ghiúdach agus Ghréagach, eolas ar an scéal seo agus chuir sé uafás orthu go léir, ar shlí gur móradh ainm an Tiarna Íosa.
Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách.
Ní luaithe an chaint sin cloiste ag Anainias ná thit sé marbh. Agus tháinig uamhan ar a raibh ag éisteacht.
Fuair Iósua an lámh in uachtar ar an gcuma sin ar an tír ar fad - na hardáin, an Neigib, na hísleáin, na fánaí, agus a ríthe go léir; níor fhág sé duine beo, agus chuir sé gach dúil bheo faoin mbang mar a d'ordaigh an Tiarna, Dia Iosrael.
Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.”
Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mbonna, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu.