Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
Lúcás 1:45 - An Bíobla Naofa 1981 Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus is beannaithe an bhean úd a chreid go gcomhlíonfaí an ní a insíodh di i dteachtaireacht ó Dhia.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus is bheannuighthe thusa a chreid, óir cóimhlíonfar na neithe a dubhairt an Tighearna leat. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus is aoibhinn di‐se do chreid; óir cóimhlíonfar ar h‐inniseadh dhí ó’n Tighearna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus is beannaighthe an bhean do chreid: óir coimhlionfuidhear na neithe do gheall an Tighearna dhi. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus is aoibhinn duit-se gur chreidis, óir cómhlíonfar duit na neithe a gealladh duit ó’n dTighearna. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.” |
Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
D'imigh sí léi ansin agus dhún an doras uirthi féin agus ar a clann mhac; agus shíneadar na crúscaí chuici agus lean sí uirthi ag doirteadh na hola iontu.
D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”
Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomhlíonfar ina dtrath féin.”
Óir féach, nuair a chuaigh glór do bheannachtha i mo chluasa, bhíog an naíonán i mo bhroinn le háthas.
Óir dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh; mar féach, déarfaidh na glúine uile feasta gur méanar dom.
Dúirt Íosa léi: “Nach ndúirt mé leat: má chreideann tú go bhfeicfidh tú glóir Dé?”
Dúirt Íosa leis: “De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.”