Lúcás 1:36 - An Bíobla Naofa 1981 Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus féach, tá mac gafa ina broinn ag do bhean mhuinteartha, ag Elisabét, freisin, ina seanaois; agus sin an séú mí don bhean sin ar tugadh bean aimrid uirthi. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, do bhean ghaoil, Elisabet, ghabh sise fosta mac agus í aosta, agus seo an seiseadh mí díthe-se a dtugtar aimrid uirthí; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, Elisabet, do shiúr, do ghabh sise gein ’n‐a sean‐aois, agus is é seo an sémhadh mí aici‐se go dtugadh bean aimrid uirthi. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, Elisabet do shiur, a tá sisi leis torrach air mhac ann a hárrsuigheachd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnáoi úd, dá ngoirthear bean aimrid. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, siní Elisabet, do shiúr, tá leanbh mic ar iompar aici agus í aosda, agus sidé an sémhadh mí aici sin go dtugtar aimrid uirthi. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is í seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid. |
Níor rug Sáraí bean Abrám aon chlann, más ea, do Abrám, ach bhí ionailt Éigipteach aici darbh ainm Hágár.
Anois bhí Abrahám agus Sárá aosta agus iad anonn go maith sna blianta, agus bhí scortha dá cúrsaí ag Sárá.
Agus ghabh Sárá gin agus rug sí mac d'Abrahám ina sheanaois ag an am a gheall Dia dó.
Ach ghabh an bhean gin agus rug sí mac um an dtaca sin an t‑earrach a bhí chucu faoi mar a dúirt Eilíseá léi.
Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.
Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d'iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di.
Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil d'ainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh.