agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”
Lúcás 1:34 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach dúirt Muire leis an aingeal, “Cad é an chaoi a mbeidh sin amhlaidh, ó nach bhfuil fear agam?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Muire leis an aingeal: Cad é mar bhéas sin amhlaidh, óir ní fhuil aithne fir agam-sa? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Muire leis an aingeal, Cionnas bhéidh sin amhlaidh agus gan aithne fir agam? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Muire ris a naingeal, Cionnas bhías so, óir ní bhfuil fios fir agamsa? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Muire leis an aingeal: Conus a bheidh san amhlaidh agus gan aithne fir agam-sa? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam dʼfhear céile?” |
agus beidh sé ina Rí ar theaghlach Iacóib go brách, agus ní bheidh deireadh lena ríocht.”
Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.
Ach éirigh i do sheasamh, gabh isteach sa chathair agus déarfar leat cad is déanta duit.”