Agus ghabh Sárá gin agus rug sí mac d'Abrahám ina sheanaois ag an am a gheall Dia dó.
Lúcás 1:24 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus d'fholaigh í féin ar feadh cúig mhí, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tamall de laethanta ina dhiaidh sin is ea ghabh a bhanchéile Elisabét ina broinn, agus chuaigh sí i bhfolach i rith cúig mhí, agus é le rá aici, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus i ndiaidh na laethe sin ghabh a bhean, Elisabet, ina bhroinn, agus d’fholuigh sí í féin ar feadh chúig míos, ag rádh: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tar éis na laethe sin, do ghabh Elisabet, a bhean, gein; agus d’fhan sí fá cheilt ar feadh cúig mí, g‐á rádh, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tar éis na laethesi, do toirrcheadh Elísabet a bheansan, agus do fholaigh si í féin ar feadh chuig mios, ag rádh, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tar éis na laethanta san do ghaibh a bhean, Elisabet, gein, agus d’fholaigh sí í féin ar feadh chúig mhí, agus dubhairt sí: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ina dhiaidh sin, ghabh a bhean, Eiliosaibeit, gin, agus dʼfholaigh í féin ar feadh cúig mhí, |
Agus ghabh Sárá gin agus rug sí mac d'Abrahám ina sheanaois ag an am a gheall Dia dó.
Ach ghabh an bhean gin agus rug sí mac um an dtaca sin an t‑earrach a bhí chucu faoi mar a dúirt Eilíseá léi.
ag rá: “Is mar seo a rinne an Tiarna liom é sna laethanta inar dhearc sé orm chun m'aithis i measc daoine a thógáil díom.”
Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d'iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di.
Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús