Ansin dúirt Sárá: “Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.”
Lúcás 1:14 - An Bíobla Naofa 1981 Beidh áthas ort agus gairdeas, agús beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus is ort a bheidh an t‑áthas agus an lúcháir, agus is iomaí duine lerb aoibhinn a bhreith; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus béidh lúthgháir agus áthas ort, agus béidh lúthgháir ar mhórán fá n-a theacht ar an tsaoghal. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus béidh áthas agus luthgháir ort; agus béidh gáirdeachas ar mhórán de bhárr a bhreithe. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus budh gáirdeachus agus lúathgháire dhuit é; agus biaidh lúathghaire ar mhóran fa na bhreith. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus beidh áthas agus gáirdeachas ort, agus beidh áthas ar a lán de bhárr é theacht ar an saoghal. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Beidh áthas ort agus gairdeas, agus beidh mórán ag déanamh áthais faoina shaolú. |
Ansin dúirt Sárá: “Thug Dia cúis gháire dom; gach a gcloisfidh, déanfaidh siad gáire liom.”
Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair, ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.
Beidh lúcháir, ar ndóigh, ar athair an fhíréin; an té a ghineann mac ciallmhar, beidh áthas air dá bharr.
Gura mallaithe an fear a thug scéala chun m'athar: “Rugadh leanbh mic duit!” á dhéanamh rólúcháireach.
Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.
Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,
Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.