Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
Íseáia 6:12 - An Bíobla Naofa 1981 agus go ndíbrí an Tiarna na daoine as. Fásach mór a bheidh i gcroílár na tíre, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus go náthruigh an TIGHEARNA daóine a nimchían, agus go mbía tréigean mór a lár na críche. |
Dhíbir Nabúzaradán, captaen an gharda, an mhuintir a bhí fágtha sa chathair agus na tréigtheoirí a bhí i ndiaidh taobhú le rí na Bablóine agus fuíoll na gceardaithe oilte.
Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.
Méadaigh do phobal, a Thiarna, méadaigh é; tabhair glóir don phobal, cuir fairsinge le críocha na tíre go léir!
Is amhlaidh a mhionnaigh Tiarna na Slua le mo chluasa: “Is iomaí teach a leagfar! Tithe breátha mórtasacha, ní bheidh cónaí iontu;
“Thréig mé mo theach, d'fhág mé m'oidhreacht, thug mé an rud ab ionúin liom i láimh a naimhde.
Déanfaidh mé díol uafáis díobh i radharc ríochtaí uile an domhain, mar gheall ar Mhanaise, mac Hiziciá, rí Iúdá, agus na míghníomhartha a rinne sé in Iarúsailéim.
Leis an scairt: “Marcshlua agus boghdóirí” teitheann an tír ar fad; tugann dream amháin na doirí orthu, dreapann dream eile suas ar na creaga; tréigtear [an tír uile], ní fhágtar duine ann.
Chuir rí na Bablóine chun báis iad i Ribleá, i dtír Hamát. Rinneadh Iúdá a dhíbirt óna thír féin ar an gcuma sin.
Cén fáth a ligfeá sinne i ndearmad go deo agus a dtréigfeá sinn go síoraí suthain?
Scriosfaidh mé an duine agus an beithíoch; scriosfaidh mé éanlaith an aeir agus éisc na farraige (agus gach ábhar scannail agus gach rud a bhaineann tuisle as lucht an oilc) agus scuabfaidh mé an cine daonna chun siúil de dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.
Mar, má tugadh an domhan chun athmhuintearais trína gcaitheamh amach, cad a thiocfaidh dá nglacadh ar ais ach beatha ó mhairbh?
Cuirfidh an Tiarna scaipeadh ort i measc na gciníocha go léir ó cheann ceann na cruinne; agus déanfaidh tú seirbhís ansiúd do dhéithe eile, déithe adhmaid agus cloiche, nárbh eol duit féin ná do do shinsir.